Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Neill | Páidín

14 Bealtaine 2026
20:00 - 22:00
Gach Déardaoin, Aoine, Satharn agus Domhnach go dtí 11 Bealtaine 2026
An Taibhdhearc, An Taibhdhearc, 19 An tSráid Láir, Cathair na Gaillimhe, H91 E2V3, Ireland

Cuireann An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge agus Brú Theatre ‘Neill | Páidín’ i láthair. Spreagtha ag dhá shaothar as an mbailiúchán ceannródaíoch scéalta, Scothscéalta de chuid Phádraic Uí Chonaire, cuirtear beocht sna carachtair Neill agus Páidín Mháire mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe ón 1-3 agus 7-10 Bealtaine 2026.

Tugtar cuireadh don lucht féachana dul isteach i gcroí agus in intinn bheirt de na carachtair is spéisiúla de chuid Uí Chonaire i gceiliúradh ar íomhánna beoga agus teanga álainn de chuid duine de na scríbhneoirí is mó a bhfuil gean orthu i nGaillimh.

Tá grá, díoltas, aiféala agus cuimhne fite fuaite lena chéile sa dá phíosa nasctha seo a chuirtear ar stáitse i nGaeilge, le fotheidil. Airítear leis an ensemble Raymond Keane, Caitríona Ní Mhurchú, Maeve McGrath agus Eoin Ó Dubhghaill. Is é James Riordan an stiúrthóir le scór ceol beo le Anna Mullarkey.

Ná bí buartha mura bhfuil Gaeilge líofa agat, beidh rochtain teanga ar fáil don léiriú trí Sibrwd, aip rochtain teanga.

Ticéid: €18/€16
An Taibhdhearc.ie

Sonraí Teagmhála

Eagraí: An Taibhdhearc

Ionad imeachta

  • An Taibhdhearc, 19 An tSráid Láir, Cathair na Gaillimhe, H91 E2V3, Ireland
Neill | Páidín
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta