Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Na Trí Ghabhar Chliste

23 Feabhra 2026
09:30 - 13:30
Corcaigh, Cathair Chorcaí, Éire

Beidh Cois Laoi Productions ag dul ar camchuairt go mbunscoileanna i gCorcaigh le NA TRÍ GHABHAR CHLISTE ón 23ú Feabhra go dtín 27ú Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2026. Dráma nua atá dírithe ar pháistí óga é atá lán do dhraíocht, d’amhránaíocht, agus do phuipéadóireacht. 

Is deirfiúracha iad Na Trí Ghabhar Chliste agus tá cónaí orthu i bhfeirm álainn. Ach, nuair nach bhfuil aon fhéar glas fágtha ann, bíonn orthu turas a thabhairt go Cill La ag lorg talún nua. An t-aon rud ná, caithfidh siad droichead a thrasnú agus tá troll ina conaí faoi. Níl an troll deas leo in aon chor agus caithfidh siad í a mhealladh chun ligint dóibh leanúint ar aghaidh lena n-aistear!

Bígí i dteagmháil linn ag coislaoiproductions@gmail.com chun eolas breise a fháilt nó chun seó a chur in áirithe!

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Cois Laoi Productions

Ionad imeachta

  • Cathair Chorcaí, Éire
Na Trí Ghabhar Chliste
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta