Margadh na Nollag
7 Nollaig 2025
11:00 - 16:00
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna), Na hAille, Cois Fharraige, Éire
Tá sé ag druidim leis an Nollaig! Beidh Margadh na Nollag ar ais in Amharclann Chois Fharraige i mbliana agus muid ag tnúth go mór leis. Osclófar an Margadh ag 11rn agus dúnfar ag a 4in.
Beidh suas le 20 seastán de cheardaithe áitiúla ag díol táirgí lámhdhéanta, bia agus deoch. Oiriúnach don té atá ar thóir inspioráide maidir le bronntanas Nollag a phiocadh amach. Moltar teacht luath ionas go bhfuil i ndóthain ama agat chun dul i mbun siopadóireachta.
An bhfuil tú ar barr liosta Daidí na Nollag i mbliana? Tagaigí chuig Margadh na Nollag chun fáil amach. Tiocfaidh Daidí na Nollag ar cuairt ar an Amharclann óna 1in go 3in agus é ag súil go mór le bualadh leis na gasúir ar fad.
