“Laoch an Litrithe” trí Mheán na Gaeilge!
Tá áthas agus bród ar Ghaelscoil Mhainistir na Corann a fhógairt go mbeidh an chéad chomórtas idirscoile litrithe (Spelling Bee) sa tír trí mheán na Gaeilge (mar is eol dúinn!), Laoch an Litrithe, ar siúl ar Aoine, an 13ú Feabhra, 2026 ag 11.00 r.n.
Beidh an comórtas seo oscailte do Ghaelscoileanna agus Scoileanna Gaeltachta i gCondaetha Chorcaí agus Phort Láirge, agus beidh páistí bunscoile ag cur a gcuid scileanna Gaeilge, misnigh agus muiníne i láthair i dtimpeallacht spraíúil thacúil.
Cé go mbeidh cosúlachtaí ann leis an Eason Spelling Bee, is é seo an chéad uair riamh a reáchtálfar comórtas litrithe den chineál seo go hiomlán trí mheán na Gaeilge in Éirinn.
Reáchtálfar babhtaí sna ranganna agus sna scoileanna ar dtús, agus rachaidh na hiomaitheoirí is fearr ar aghaidh chuig An gCraobh Mhór i nGaelscoil Mhainistir na Corann, áit a roghnófar Laoch an Litrithe do Chorcaigh agus do Phort Láirge.
Is deis uathúil í seo do pháistí:
- grá don Ghaeilge a neartú
- spraoi a bhaint as an litriú
- páirt a ghlacadh i stair nua oideachais trí Ghaeilge
Tá súil againn go spreagfaidh Laoch an Litrithe páistí ar fud na tíre agus go mbeidh sé ina imeacht bliantúil amach anseo.
📺 Coinnigh súil ar Cúla 4 agus ar mheáin Ghaeilge eile le haghaidh tuilleadh eolais agus clúdaigh ar an ócáid stairiúil seo.
Sonraí Teagmhála
Ionad imeachta
- Gaelscoil Mhainistir na Corann, Bán Sheáin, Mainistir na Corann, P25 CH73, Éire
