Labhair agus lift
13 Márta 2026
12:30 - 13:30
Lift Training Studios, Cé Ellis, D07 C2YP, Éire
Bígí linn do sheisiún aclaíochta trí Ghaeilge (dátheangach, dáiríre!) ar Aoine 13ú Márta ó 12:30-13:20 – deis í stór focal nua a fhoghlaim agus tú ag tabhairt faoi rang aclaíochta.
Beidh an rang dátheangach go dtuigfidh gach éinne i gceart an méid a bheidh le déanamh sa rang. Moltar comhráite a bheith trí Ghaeilge ach níl aon bhrú ann – beidh an cóitseálaí in ann gach rud a láimhseáil (cúrsaí teanga agus cúrsaí aclaíochta).
Is féidir clárú ag www.lifttrainingstudios.ie/bookclasses
Lift Studios – 5 Cé Ellis, BÁC 7
Bígí tapaigh más spéis libh bheith ann – níl ach 16 spás ann!
