Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Lá Tumtha Gaoluinne | An Súgán, Béal Átha an Ghaorthaidh

5 Meán Fómhair 2026
10:00 - 15:30
An Súgán, An Súgán, Béal Átha an Ghaorthaidh, P12 AC85, Éire

Ar mhaith leat blaiseadh den Ghaoluinn a fháil sa Ghaeltacht?

Bígí linn do Lá Tumtha Gaoluinne san An Súgán, Béal Átha an Ghaorthaidh – deis lá iomlán a chaitheamh i gcroílár Ghaeltacht Mhúscraí ag úsáid na Gaoluinne i suíomh nádúrtha, cairdiúil.

Tá dhá ghrúpa ar fáil:

  • Blaiseadh den Ghaoluinn – do thosaitheoirí nó dóibh siúd ar bheagán Gaeilge.
  • Comhrá sa Ghaeltacht – do dhaoine ar mian leo a gcuid Gaeilge labhartha a fhorbairt.

Beidh seisiúin idirghníomhacha faoi stiúir éascaitheoirí le taithí, lón san áireamh, agus gníomhaíocht chultúrtha threoraithe san iarnóin, ag tabhairt deis do rannpháirtithe taithí a fháil ar theanga, ar chultúr agus ar phobal Ghaeltacht Mhúscraí.

Is imeacht é seo do dhaoine fásta atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid agus blaiseadh fíor den Ghaeltacht a fháil i dtimpeallacht fáilteach agus neamhfhoirmiúil. Tá líon na n-áiteanna teoranta agus tá clárú riachtanach.

Tuilleadh eolais agus clárú:
gaeltachtmhuscrai.ie

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Comharchumann Forbartha Mhúscraí
Ríomhphost: cara@muscrai.org

Ionad imeachta

  • An Súgán, Béal Átha an Ghaorthaidh, P12 AC85, Éire
Lá Tumtha Gaoluinne | An Súgán, Béal Átha an Ghaorthaidh
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta