Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Lá Teaghlaigh – campa agus comhrá

25 Aibreán 2026
10:00 - 16:00
Cnoc Lisín Beag, Cill Téagáin, W91 H729, Éire

Fad is atá na páistí amuigh ag spraoi agus ag foghlaim faoin nádúr ar maidin le múinteoir cáilithe a ritheann campaí spraoi go minic, is iad na tuismitheoirí a bheidh ar scoil! Agus deis acu a gcuid scileanna cainte a chleachtadh i dtimpeallacht réchúiseach thaitneamhach. Tar éis lóin, beidh imeachtaí ann don teaghlach le chéile agus críochnóidh an tráthnóna thart ar a 4.

Tá an imeacht seo oiriúnach do leanaí 6 – 12 bhliain d’aois. Ba cheart a chinntiú go mbíonn bróga/buataisí agus éadaí atá oiriúnach don bháisteach ag gach éinne, idir leanaí agus daoine fásta, agus athrú éadaí más féidir.

Iarrtar ort lón “picnic” a thabhairt leat, ach cuirfear tae, caife, agus sóláistí beaga ar fáil i rith an lae.

€60 an costas do thuismitheoir/caomhnóir agus páiste amháin, agus €80 do thuismitheoir/caomhnóir agus níos mó ná páiste amháin. Níl spás ach do 12 pháiste mar sin déan d’áit a chur in áirithint gan mhoill!

Le tacaíocht ó Theanga Tí

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Fuiseog
Ríomhphost: eolas@fuiseog.org

Ionad imeachta

  • Cill Téagáin, W91 H729, Éire
Lá Teaghlaigh – campa agus comhrá
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta