Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Lá i gCathú

18 Aibreán 2026
12:00 - 18:00
Ollscoil na Gaillimhe, Bóthar Na hOllscoile, Cathair na Gaillimhe, H91 TK33, Éire

Lá i gCathú

Comóradh Caoga Bliain

12:00 Dé Sathairn – 18ú Aibreán 2026 – Cearnóg na hOllscoile

Imeacht cheiliúrtha bhliantúil is ea Lá i gCathú. Déantar comóradh ar na heachtraí a thiteanns amach san úrscéal Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir. Is i mBaile an Chaisil, baile bréige, a bhíonns na heachtraí seo ar siúl, ach is léir gur cathair na Gaillimhe atá i gceist i ndáiríre.

Duine de shárscríbhneoirí na hÉireann ab ea Breandáin Ó hEithir. Foilsíodh a leabhar den chéad uair i 1976, an t-aon leabhar Gaeilge a bhí riamh ag barr an liosta leabhar is mó díol.
Tá an scéal suite le linn Seachtain na Cásca 1949, an bhliain ar fógraíodh Éire ina poblacht ‘s a d’fhág an tír an Comhlathas. Leanann muid mac léinn ollscoile, Máirtín Ó Méalóid, ar a chuid raimleála fad is atá an eachtra stairiúil seo ag titim amach sa gcúlra. Ag an am céanna, is tréimhse chinniúnach í seo i saol Mháirtín. An réiteoidh sé a chuid fadhbannaí lena mhuintir, lena bhean ‘s lena chuid staidéir? Nó an mbainfidh sé amach a neamhspléachas féin, ar nós a thíre féin?
Ach céard a tharlaíonns le linn na himeachta? Gléasann muid féin in éadaí an ama ‘s, ó Chearnóg na hOllscoile in Ollscoil na Gaillimhe, an áit a dtosnaíonns an leabhar, siúlann muid ó láithreach go láithreach, ag ól piontaí ‘s ag léamh sleachta as an leabhar, ‘s muid ag leanúint léarscáile a tharraing mé de Bhaile an Chaisil.
Bígí linn don cheathrú bhliain i mBaile an Chaisil agus muid ag siúl i lorg an úrscéil éachtaigh seo.
Tosóidh sé ag 12:00 i.n. ar an 18ú Aibreán. Imeoidh muid ó chearnóg na hollscoile.


Ionad imeachta

  • Bóthar Na hOllscoile, Cathair na Gaillimhe, H91 TK33, Éire
Lá i gCathú
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta