John Spillane | Tacaíocht le LARAbEL
John Spillane
Is ceoltóir, cumadóir amhrán, taibheoir, ealaíontóir taifeadta, scéalaí, file agus brionglóidí é John Spillane. Tá sé fréamhaithe i ndaoine, áit agus scéal, agus iompraíonn a cheol an t-éisteoir agus meallann a léirithe beo lucht féachana ar fud an domhain.
Mar ealaíontóir, meallann a cheol éisteoirí ó go leor seánraí agus glúnta. Tá cáilíocht uathúil beagnach sean-nóis ag baint lena stíl ghutha agus lonraíonn a léirithe leis an réalachas draíochta atá fite fuaite le go leor dá amhráin agus é ag scinneadh gan stró idir filíocht álainn, ina bhfuil oiread na fríde den bhrón, agus greann rógánta easurramach. Tá John ábalta daoine a mhealladh lán chomh maith is atá sé in ann iad a chur faoi dhraíocht agus siamsa a dhéanamh daofa.
Chomhroinn John Spillane a shaothar is uaillmhianaí go dtí seo, Fíoruisce – Finscéal an Locha, DéAoine an 13 Meán Fómhair 2024. Ar an albam téama tá John i gcuideachta foireann ar dóigh de lucht comhoibre: Ríoghnach Connolly, Eoghan Ó Ceannabháin, Niamh Farrell, Nell Ní Chróinín, agus tuilleadh, agus ainmníodh é ina dhiaidh sin mar albam na bliana ag Gradaim Ceoil Tíre RTÉ. le teacht
LARAbEL
Le linn a cuid ama sa choláiste in BIMM, bhuscáil LARAbEL ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus sheinn sí in ionaid ar fud na hÉireann. Ó shin tá sí i ndiadh taibhiú ag cuid de na féilte is mó in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear an Phicnic Leictreach, All Together Now agus Glastonbury. Thacaigh sí le healaíontóirí cosúil le David Keenan, Roisin O agus Glasshouse, dhíol sí amach seónna móra agus sheinn sí in ionaid cosúil le Whelan’s agus Amharclann Olympia.
I ndiadh di conradh a shíniú leis an lipéad ceoil neamhspleách Éireannach Beo Records ag tús 2025, d’eisigh LARAbEL a céad tionscadal Squiggle, ceirnín leathfhada cúig rian le fuaim uathúil neamhthréitheach, Éireannach-indie. Tá an ceirnín leathfhada fite fuaite le dorchadas agus súgradh agus pléann sé ábhair phearsanta deacra. Tugann Moya Brennan ó Chlannad a guth corraitheach ar Pigeon Song. Is as Gaoth Dobhair, ceantar beag Gaeltachtai nDún na nGall, do Larabel, agus tá tionchar ag na tírdhreacha garbha agus fréamhacha na Gaeilge a bhí timpeall uirthi agus í ag fás aníos. Is féidir é seo a chluinstin fríd an cheirnín leathfhada.
Sonraí Teagmhála
Ionad imeachta
- 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann
