Iontas Am-Lóin: Seachtain na Gaeilge le Amano agus FLUX BÁC
Inniu
13:00 - 14:00
Gach lá go dtí 13 Márta 2026
FLUX D2, 4 Rae Chatham, Cathair Bhaile Átha Cliath, D02 PA06, Éire
Fáilte go hIontas Am Lóin, sraith ceardlanna cruthaitheacha saor in aisce do mhuintir Baile Átha Cliath le linn Seachtain na Gaeilge 2026. Bí linn agus múscail do chuid samhlaíochta!
CLÁR ‘IONTAS AM LÓIN’
13:00-14:00 gach lá
Dé Máirt, 10ú Mhárta, FLUX D2: Rónán Ó Raghallaigh
- An dtagann inspioráid ónár bhfo-chomhfhios nó ó áit éigin eile? Cad a tharla nuair a cuireadh cosc ar dheasghnátha ár sinsear? Beidh sos lóin ar leith againn leis sa cheardlann seo, ag tabhairt faoi aistear samhlaíochta agus líníochta agus ag baint triail as sean-nósanna mhachnaimh. Tar réidh le coiscéim a ghlacadh i ndomhan na bhfilí is na draoithe.
Dé Céadaoin, 11ú Mhárta, FLUX D8: Daithí Ó Nuanáin (VICELT)
- An t-amhránaí thú nó an maith leat ceol? An bhfuil suim agat i gceol Gaelach? An smaoiníonn tú riamh ar an ngaol idir an corp, an anáil agus an ceol é féin? An féidir leat amhrán a chanadh i gceart mura dtuigeann tú an téacs nó an comhthéacs? Seo cad a bheidh á phlé sa cheardlann am lóin seo le Dhaithí Ó’Nuanáin.
Déardaoin, 12ú Mhárta, FLUX D8: Conchobhar Ruadh
- An bhfuil fonn ort filleadh ar do theanga dhúchais? An bhfuil do leanaí ag tabhairt spreagadh duit an Ghaeilge a fhoghlaim arís? An mothaíonn tú caidreamh idir chúrsaí spioradáltachta agus teanga nó ceol na tíre seo? Beidh an “athcheangailt” seo idir teanga, teaghlach, dúchas agus ceol á phlé i gceardlann an lae inniu.
Dé hAoine, 13ú Mhárta, FLUX D2: Bridie Flaherty
- Tá an rince agus an ceol fite fuaite lena chéile ar an oileán seo ó thuas aimsire. Seo duit deis neamhfhoirmiúil chun céimeanna rince sean-nóis a foghlaim! Mura bhfuil aon chur amach agat ar damhsa cheana féin, ná bí buartha! Déanann Bridie a dícheall i gcónaí an damhsa a dhéanamh taitneamhach agus inrochtana do chách.
Tá Iontas Am Lóin léirithe ag an ealaíontóir idirdhisciplíneach Amano De Londra Miura agus óstáilte i gcomhoibriú le Stiúideonna FLUX.
Le tacaíocht ón Chiste Spreagtha, Seachtain na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Tá na ceardlanna seo go léir saor in aisce, ní mór duit ach clárú ar Eventbrite.
