Idir Peann agus Poblacht
9 Deireadh Fómhair 2025
20:00 - 21:30
Ionad an Phiarsaigh Bhaile Átha Cliath, 27, Sráid an Phiarsaigh, Cathair Bhaile Átha Cliath, D02 K037, Éire
Bígí linn chun ról lárnach Chonradh na Gaeilge in aistear an neamhspleáchais a chéiliúradh. Agus léachtaí againn ó Aindrias Ó Cathasaigh agus Pádraig Fhia Ó Mathúna, déanfaimid iniúchadh ar an bhealach ina chothaigh an Conradh na líonraí, na hidéil agus an bród náisiúnta a spreag an ghlúin réabhlóideach.
Ó chéilithe agus ceactanna go ceannairí Éirí Amach na Cásca, foghlaimeoimid an dóigh ina chuidigh an ghluaiseacht chun réabhlóid úr a lasadh agus náisiún nua a mhúnlú. Beidh comhrá, ceol agus céiliúradh comhcheangailte ar a chéile san ócáid speisialta seo – fáilte roimh chách a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, i stair na hÉireann agus ré na hathbheochana.
Tuilleadh eolais
Sonraí Teagmhála
Eagraí: Féile na Staire Baile Átha Cliath / Conradh na Gaeilge
Ionad imeachta
- 27, Sráid an Phiarsaigh, Cathair Bhaile Átha Cliath, D02 K037, Éire
