Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Hellas Ensemble

4 Feabhra 2026
19:00 - 21:30
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann

Smaoineamh na seinnteoirí basúcaí agus na gcumadóirí ón Ghréig agus ó Éirinn Nikos Petsakos agus Martin Coyle is ea Hellas Ensemble. Cuireadh le chéile é le linn comhoibriú leis an údar, iriseoir agus duine a bhfuil an-dúil aige sa Ghréig, Bruce Clarke, a raibh de chéimíocht annamh aige le deireanas gur bhronn rialtas na Gréige Ordú an Fhéinics air. Dúirt Bruce, nuair a bhí sé ag caint ar Seamus Heaney agus an Ghréig in Seamus Heaney Homeplace, gur shíl sé go léireodh Sonnets from Hellas le Seamus Heaney grá an fhile ar an Ghréig agus a tionchar ar a scríbhneoireacht. Chuir sé forrán ar Nikos Petsakos agus Martin Coyle, a bhí ag comhoibriú ar cheol ag tarraingt ó chultúir agus ó thraidisiúin na hÉireann agus na Gréige araon. Le chéile thoisigh siad a chumadh píosaí a léireodh spiorad na ndánta ina sonraí tochmhara agus ina n-íomhánna beoga go léir.
Ó thoisigh an grúpa tá sé i ndiaidh forbairt thar am, ina bpríomhcheoltóirí ag an Irish Wings Festival, Paxos, go dtí stáitse Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath, agus ag seinm ag seó díolta amach i gcomhar le Ceolfhoireann Uladh. Anois, den chéad uair, tá siad ag tabhairt an tseó trí Ghaeilge go Doire, le léamha ó Dhubhán Ó Longáin, agus le hionchur ceoil ó cheoltóirí traidisiúnta Gaelacha thar ceann an Acadaimh Ceoil agus an Ghrúpa Bhig Ceoil.
In Hellas Ensemble tá foireann de cheoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta agus meascann sé téada agus gaothuirlisí adhmaid.
Nikos Petsakos – Basúcaí Gréagach trí chúrsa // Greek tri-chordo bouzouki
Martin Coyle – Basúcaí Gaelach le droim cothrom // Irish flat-back bouzouki
Robert Peoples – Vióla agus veidhlín // viola and violin
Lucia McGinnis – Cruit Ghaelach // Irish harp
Marc Forbes – Olldord // double bass
Paul Cutliffe – Píp uilleann, clairinéad agus feadóg // uilleann pipes, clarinet and whistle
Amanda Koser – Feadóg mhór // Flute

Sonraí Teagmhála

Eagraí: IMBOLC 2026
Ríomhphost: eolas@culturlann.org

Ionad imeachta

  • 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann
Hellas Ensemble
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta