Go dtí seo – Camchuairt Albaim, 2026
Thar an chéad choicís de mhí an Mhárta, chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh beidh ‘Go dtí seo’ an chéad albam ó pheann agus croí Emer O’Flaherty le cloisteáil beo in ionaid san Aonach, i Lios Tuathail, i mBaile Bhuirne, i nGaillimh agus in Inis. Is amhránaí dátheangach agus cumadóir amhrán, ceol agus ceoltóir (pianó, fliúit, feadóg agus consairtín) í Emer agus í ar stáitse i gcúrsaí ceoil le fiche bliain anuas. Meascann an ceol atá ar an albam seo ceol tíre, traidisiúnta agus snagcheol le chéile chomh maith le hathchóirithe nua ar amhráin ar an sean-nós, amhráin atá gar dá croí. Sna ceolchoirmeacha seo beidh Philip Fogarty (guth, bosca ceoil agus pianó), Edel Vaughan (guth, feadóg mhór agus feadóg stáin), Gráinne Cotter (guth, fidil, pianó) agus Etain McCooey (guth, obó agus feadóg stáin).
Tá sonraí chun teacht ar thicéid do gach uile léiriú ar fáil ar www.emeroflaherty.com/gigs agus is féidir éisteacht ar an albam ar https://emeroflahertymusic.bandcamp.com
Sonraí Teagmhála
Ionad imeachta
- 1 Cearnóg Theach na Cúirte, Cathair na Gaillimhe, H91 H3C2, Éire

