Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

GAELATHON – RÁS TRÍ GHAEILGE

11 Deireadh Fómhair 2026
09:30 - 13:00
Páirc an Fhionnuisce, Cathair Bhaile Átha Cliath, D08, Éire

Bígí linn ag Gaelathon, an chéad rás trí Ghaeilge riamh! Déan ceiliúradh ar an nGaeilge agus glac páirt i rás 5km a rith i gcroílár BÁC. Is cuma más reathaí thú a bhfuil seantaithí agat, más reathaí réchúiseach thú, nó más duine thú atá ag iarraidh an t-atmaisféar a shú isteach – tá fáilte roimh chách.

Reáchtálfar an rás i suíomh álainn i bPáirc an Fhionnuisce in aice leis an ionad stairiúil, Dún na hArmlainne. Bronnfar bonn speisialta ar gach rannpháirtí in ómós na hócáide agus beidh ceol, craic agus go leor eile ag an gcríochlíne ar an lá. Tá dromchla na slí réidh agus indéanta do gach saghas reathaí. Beidh fáilte roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge agus daoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu araon.

Níl an rás oiriúnach do pháistí faoi bhun 16 bliana d’aois.

Cad atá san áireamh?

🏅 Bonn speisialta deartha ag ealaíontóir Nine Arrow do Gaelathon
🎁 Sólaistí agus féiríní iontacha ag an gcríochlíne
📸 Deis grianghraf a ghlacadh ar an bpóidiam
🎉 Atmaisféar den scoth

Tá Gaelathon á eagrú ag BÁC le Gaeilge, Club Reatha – Céim ar Chéim agus Oifigeach na Gaeilge, Oifig na nOibreacha Poiblí.

Cláraigh anseo: https://baclegaeilge.ie/gaelathon/

Ticéad: €15 (+táille áirithinte)
Dáta: 11/10/2026
Am: 9.30am
Suíomh: Páirc an Fhionnuisce

Tuilleadh eolais: eolas@baclegaeilge.ie

Sonraí Teagmhála

Eagraí: BÁC le Gaeilge, Club Reatha - Céim ar Chéim agus Oifigeach na Gaeilge, Oifig na nOibreacha Poiblí.
Ríomhphost: eolas@baclegaeilge.ie

Ionad imeachta

  • Cathair Bhaile Átha Cliath, D08, Éire
GAELATHON – RÁS TRÍ GHAEILGE
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta