Fhéile Scoildrámaíochta
Tá daltaí agus múinteoirí timpeall Ard Mhacha ar bís agus a n-ullmhúcháin don Fhéile Scoildrámaíochta faoi lán seoil acu. Beidh an Fhéile ar siúl ar an 3ú la de mhí an Mhárta ó 10.00 ar maidin go dtí 13.30 in Amharclann Ionad an Mhargaidh, i gcroílár Chathair Ard Mhacha gus beidh 5 scoileanna páirteacht inti.
Tugann an Fhéile Scoildrámaíochta deis do dhaltaí scoile a gcuid scileanna aisteoireachta a thaispeáint, féinmhuinín a fhorbairt in atmaisféar spreagúil, sultmhar agus an Ghaeilge a chur chun cinn ar an ardán is cáiliúla in Ard Mhacha. I measc na scoileanna a bheidh ag filleadh ar ais ar an ardán, tá Bunscoil Ard Mhacha, Bunscoil Phroinsias Naofa, An Lorgan, Bunscoil Eoin Báiste, Port an Dúnainn agus dhá dhráma ó Ghaelscoil Phádraig Naofa, Crois Mhic Lionnáin. Meascán de dhrámaí idir úr agus shean a bheas ar an ardán ar an lá agus is cinnte go mbeidh achan ceann acu ina phléisiúr.
Beidh cead ag an phobal teacht isteach ar an lá chun na drámaí a fheiceáil ar chostas £1 an páiste agus £5 an duine fásta. Is cinnte go mbeidh an lá spraoiúil agus tairbheach d’achan duine a bheidh ann. Leanfaidh buaiteoir an chomórtas ar aghaidh go dtí an Fhéile Uladh Mar a deir an seanfhocal, ‘mol an óige agus tiocfaidh sí.’
Bunaithe i 1934, tá An Cumann Scoildrámaíochta os cionn 90 bliain ar an bhfód anois, agus na mílte mac léinn ó gach cearn den tír ag glacadh páirte ann gach bliain. Tá an fhéile mar chuid de na gníomhaíochtaí iomadúla de chuid Sheachtain na Gaeilge atá ar siúl sa bhaile i rith mhí an Mhárta.
Le tuilleadh sonraí a fháil, cuir ríomhphost chugainn ar seanrua1959@gmail.com nó téigh chuig ár leathanach Instagram Féile an Iúir.
Ionad imeachta
- 9 Sraid an Mhargaidh, Cathair Ard Mhacha, BT61 7BW, Tuaisceart na hÉireann
