Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Féile Scoildrámaíochta Dhún Dealgan

4 Márta 2026
09:45 - 13:00
Ionad Ealaíon an Táin, Dún Dealgan, A91 W20C, Éire

Tá daltaí agus múinteoirí timpeall Dhún Dealgan ar bís agus a n-ullmhúcháin don bhFéile Scoildrámaíochta faoi lán seoil acu. Beidh an Fhéile ar siúl ar an 4ú la de mhí an Mhárta ó 10.00 ar maidin go dtí 13.00 in Ionad Ealaíon an Táin, i gcroílár Dhún Dealgan agus beidh 6 scoileanna páirteacht inti.

Tugann an Fhéile Scoildrámaíochta deis do dhaltaí scoile a gcuid scileanna aisteoireachta a thaispeáint, féinmhuinín a fhorbairt in atmaisféar spreagúil, sultmhar agus an Ghaeilge a chur chun cinn ar an ardán is cáiliúla i nDún Dealgan. I measc na scoileanna a bheidh ag filleadh ar ais ar an ardán, tá Scoil Naomh Seosamh agus Gaelscoil Dhún Dealgan i Muirtheimhne Mór, agus Scoil Phrionsias Naofa sna Creagacha Dubha. Ina theannta sin, beidh Scoil Naomh Maolmhaodhóg na Naionáin, Scoil Naomh Peadar i nDroim Ineasclainn agus Gaelcholáiste Dhún Dealgan ag glacadh páirt san Fhéile don chéad uair i mbliana!

Beidh cead ag an bpobal teacht isteach ar an lá chun na drámaí a fheiceáil ar chostas €1 an páiste agus €5 an duine fásta. Is cinnte go mbeidh an lá spraoiúil agus tairbheach d’achan duine a bheidh ann. Leanfaidh buaiteoir an chomórtas ar aghaidh go dtí an Fhéile Laighean. Mar a deir an seanfhocal, ‘mol an óige agus tiocfaidh sí.’

Bunaithe i 1934, tá An Cumann Scoildrámaíochta os cionn 90 bliain ar an bhfód anois, agus na mílte mac léinn ó gach cearn den tír ag glacadh páirte ann gach bliain. Tá an fhéile mar chuid de na gníomhaíochtaí iomadúla de chuid Sheachtain na Gaeilge atá ar siúl sa bhaile i rith mhí an Mhárta.

Le tuilleadh sonraí a fháil, cuir ríomhphost chugainn ar feiledd@outlook.com nó téigh chuig ár leathanach Facebook ar  https://www.facebook.com/FeileDhunDealgan

 

Sonraí Teagmhála

Ríomhphost: feiledd@outlook.com

Ionad imeachta

  • Dún Dealgan, A91 W20C, Éire
Féile Scoildrámaíochta Dhún Dealgan
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta