Féile na Staire: Turas 14 Sráid Henrietta
6 Deireadh Fómhair 2025
15:00 - 16:30
14 Sráid Henrietta, 14, Sráid Henrietta, Cathair Bhaile Átha Cliath, D01 HH34, Éire
Tar éis duit dul isteach in 14 Sráid Henrietta gheobhaidh tú blaiseadh ar stair na cathrach a ghabhann siar breis agus trí chéad bliain lastigh de bhallaí tí amháin. I rith ár dturais threoraithe phearsanta tabharfar ar aistear thú ón am a tógadh an teach i ré ghalánta Sheoirseach go ré na n-árasán tionóntáin ina dhiaidh sin.
Nochtar scéalta staire ceilte an fhoirgnimh nuair a dhéantar ceangal le scéalta pearsanta na ndaoine siúd a bhí ina gcónaí anseo in 14 Sráid Henrietta.
Léirítear i scéalta an tí agus na sráide scéal mhuintir Bhaile Átha Cliath. Tabhair cuairt ar an teach, éist lena chuid scéalta agus fiosraigh saibhreas stair Bhaile Átha Cliath atá laistigh dá chuid ballaí.
Turas Gaeilge é seo.
Tuilleadh eolais
Sonraí Teagmhála
Eagraí: Féile na Staire Baile Átha Cliath
Ionad imeachta
- 14, Sráid Henrietta, Cathair Bhaile Átha Cliath, D01 HH34, Éire
