Féile na mBád, Árainn
27 Meitheamh 2026
11:00 - 21:00
Sean Ceibhe Cill Ronain, Cill Ronain Íochtair, Árainn, H91 RP3K, Éire
Táimid ag eagrú féile lán- Ghaeilge a bheas tiománta do theanga, chultúr agus oidhreacht s’againne ar an oileán. I rith na féile, beidh rásaí bád seoil i gceist in Árainn. Beidh deis ag muintir na háite / cuairteoirí bailiú le chéile chun féachaint ar na rásaí agus éisteacht le ceol traidisúnta á sholáthar ag ceoilteoirí áitiúla an oileáin.

