Féile Farraige Inis Meáin
CEILIÚRADH AR CHÚRSAÍ MARA & TRAIDISIÚIN FARRAIGE – deireadh seachtain d’imeachtaí trí mheán na Gaeilge!
Coinnigh Súil ar na meán sóisialta @pleanailteangainismeain & an suíomh idirlín www.inismeainbeo.ie
Achoimre ar Chlár an deireadh Seachtaine 11-12/07/2026
Seoladh Leabhrán Cladaigh Inis Meáin & Siúlóid Treoraithe sa gCladach: Tá an leabhrán seo bunaithe ar obair pháirce & taighde a déanadh sa gcladach ar an oileán maidir leis na cineálacha feamainn & sliogáin atá le fáil ann.
Aithne ar an gCurrach: Cas leis an club iomradh áitiúil & foghlaim faoin gCurrach Árainneach agus má bhíonn an aimsir againn beidh dul amach ar an bhfarraige inti.
Comórtas an Phota Gliomach:Pota gliomach a dhéanamh a d’fheidhmeodh sa bhfarraige.
Is féidir leis a bheidh déanta ar mhodh thraidisiúnta nó nua aimseartha. Tá an pota gliomach le bheith istigh roimh an 01/07/2026 & ainmneofar an buaiteoir le linn Féile Farraige Inis Meáin ar an 12/07/2026. Duais €500 le bronnadh ar na buaiteoirí! Dá mbeadh spéis agat iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas nó tuilleadh eolais a fháil níl ort ach teagmháil a dhéanamh le optinismeain@gmail.com
Chomh maith leis sin beidh taispeántais ealaín, bia & béaloidis ar siúl le linn an deireadh seachtaine chomh maith le margadh áitiúil!
Sonraí Teagmhála

