Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Fadscannán Nua Cine4 – Báite

Inniu
14:00 - 22:00
Gach lá go dtí 13 Márta 2026

Tá fad-scannán nua Gaeilge, Báite, le bheidh i bpictiúrlanna ón 6ú Márta 2026 agus é mar chuid d’imeachtaí Seachtain na Gaeilge 2026.

Meán-Fómhair 1975 – Nuair a fhaightear corp mná i loch, nochtaítear rún a athraíonn saol Peggy Casey agus a clann go deo.

Léiríonn an scannán seo an cumhacht a bhaineann le scéal láidir atá tarraigteach d’aon lucht féachana.  Is scéal é faoin mbrón agus faoin teacht aniar a bhíonn i ndaoine.  Tá an scannán oiriúnach d’aon duine os cionn 12 bliain.

Ruán Magan atá mar stiúrthóir ar an agus is í  Sheena Lambert a scríobh é, agus é bunaithe ar a úrscéal iomráiteach The Lake a foilsíodh i 2015.

Sa phríomh-pháirt tá Eleanor O’Brien (The Wonder, Disenchanted) mar Peggy Casey, a fuair ainmiúcháin do ghradam IFTA don páirt. Tá Moe Dunford (Vikings, Rosie) i bpáirt Bleachtaire Sáirsint Frank Ryan.

Is iad Siobhán Ní Ghadra agus John Brady a léirigh an scannán do Danú Media,  le tacaíocht ó Fís Éireann, TG4, agus Coimisiún na Meán faoin scéim Cine4.

Beidh Báite le feiceáil ag pictiúrlanna ar fud na tíre agus is féidir taispeántais ar leith a eagrú ach dul i dteagmháil linn ar an suíomh www.baite.ie agus do shuim a léiriú.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Danú Media

Fadscannán Nua Cine4 – Báite

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta