Draíocht sa Spidéal
Beidh an Spidéal beo le spraoi agus le draíocht na Nollag i mbliana le Draíocht sa Spidéal , faoi stiúir Chomhlacht Forbartha an Spidéil féile Nollag úrnua á seoladh ón 19–21 Nollaig i gClochar Éinde. Beidh an deireadh seachtaine lán le spraoi pobail, ceardaíocht áitiúil, agus atmaisféar fíor-dhraíochta na Nollag.
Tosóidh an fhéile le Soilsiú an Chrann Nollag ar Aoine, an 19 Nollaig ag 7pm, le deochanna agus sólaistí beaga ar fáil ina dhiaidh. Beidh margadh ceardaíochta áitiúil, ceol beo, agus bia blasta againn ar feadh an deireadh seachtaine.
I measc na n-imeachtaí is mó a mbeidh fáilte rompu, beidh deis ag páistí Bóthar na Maide Milse a aimsiú, Daidí na Nollag a fheiceáil, agus brontannas beag a fháil. Beidh seacláid te, spraoi teaghlaigh, agus atmaisféar teolaí ag fanacht le gach duine!
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh na sliotáin do Santaí ar fáil don phobal le cur in áirithe ó Luan, an 17 Samhain. Tá líon teoranta áiteanna ann, mar sin moltar do chách áirithint a dhéanamh go luath!
Ní bheadh an ceiliúradh seo indéanta gan tacaíocht ár gcomhpháirtithe pobail:
Údarás na Gaeltachta, Fóram Chois Fharraige, Gaeilge Mhaigh Cuilinn, Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Fiontar na Gréine Teoranta.
Gabhaimid buíochas speisialta freisin leis na hurraitheoirí flaithiúla a chuir duaiseanna breátha ar fáil:
Óstan Chois Fharraige, Harvey Norman, Slemons, agus Aer Arann Islands.
Uaireanta Oscailte:
Aoine, 19 Nollaig: 12:00pm – 7pm
Seoladh oifigiúil ag 3pm
Satharn, 20 Nollaig: 12:00pm – 7:00pm
Domhnach, 21 Nollaig: 10 – 4:00pm
