Disco Inferno – Ceoldráma Lán-Ghaeilge
24 Márta 2026
19:00 - 22:00
Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, K32 WV18, Éire
A chairde,
Fáilte is fiche romhaibh chuig ‘Disco Inferno’, léiriú den cheoldráma cáiliúil le ceol dioscó na 1970í ó Choláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín.
Le tacaíocht ó cheolfhoireann phroifisiúnta beo, beidh ensemble de 70 daltaí ag canadh, ag damhsa agus ag léiriú scoth na haisteoireachta as Gaeilge chun muid a thabhairt siar chuig laethanta órga na 70í.
Beidh táirgí áille agus duaiseanna ar fáil ar an oíche. Bígí linn!
Ticéid ar fáil ar gr8events.ie, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig amyc@cgnm.ie

