Dhá dhráma in aon oíche amháin!
Léireoidh Aisteoirí an Spidéil leagan stáitse de dhá ghearrrscéál a bhfuil dlúthbhaint acu le ceantar an Spidéil. As an gcnuasach Cois Caoláire le húdar iomráiteach an Spidéil, Máirtín Ó Cadhain é an tOthar. Gortaíodh Peadar amuigh sa ngarraí, tugtar abhaile é agus droch-chuma air, tagann an dochtúir agus níl cuma rómhaith ar a bhfuil i ndán do Pheadar.
Deirtear gur bhunaigh Liam Ó Flaithearta Oifig an Phoist an gearrscéal deiridh ina chnuasach Dúil, ar Oifig an Phoist sa Spidéal.
Tá brú aisteach ar Mháirtín, an Máistir Poist ar lá an phinsin i bPraiseach. Tagann beirt bhan isteach agus iad ag iarraidh telegram a sheoladh go Los Angeles, tá a mhada beag ar iarraidh ón sagart, níl an sean-saighdiúr in ann a litir a léamh, tá Páidín Ó Loideáin básaithe agus scéala le tabhairt dá mhuintir……. Máirtín bocht!

