Deiseanna Gairme le Gaeilge leis an Aontas Eorpach
Seimineár agus ceardlanna praiticiúla do dhaoine ar mhian leo cur isteach ar ghairmeacha AE le Gaeilge
Ar mhaith leat post le Gaeilge i gcroílár na hEorpa?
An bhfuil eolas uait faoi na deiseanna gairme le Gaeilge atá ar fáil in institiúidí an Aontais Eorpaigh?
Ar mhaith leat do scileanna aistriúcháin a chleachtadh le haistritheoirí ón Aontas?
Seo do dheis cluinstin ó shaineolaithe agus ó ateangairí agus aistritheoirí san Aontas Eorpach faoi na poist atá ar fáil, conas cur isteach orthu, nó conas oiliúint chuí a fháil agus thú féin a ullmhú do na comórtais earcaíochta.
Beidh ceardlanna aistriúcháin ann a bheidh dírithe ar réimsí téacsanna a fheictear go minic sna comórtais earcaíochta, agus ceardlann ateangaireachta fosta.
Tosaíonn an scála pá d’aistritheoirí ar chonradh buan sna hinstitiúidí Eorpacha ar €5973.44 in aghaidh na míosa. Tá pobail bhríomhara Ghaelacha thart ar na hinstitiúidí agus san am céanna bheadh comhghleacaithe agat ó gach cearn den Eoraip.
Ná caill an deis seo!
Clár an tseimineáir (Dé Céadaoin 21 Eanáir):
10:15 Clárú, tae agus caife
11:00 Oscailt an tSeimineáir
- An tAire Dara Calleary T.D., Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
11.15 Painéal plé: Deiseanna do ghairmithe le Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha
- Modhnóir: Dónall Ó Braonáin
- Eoin Ó Droighneáin, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
- Rose Ní Dhubhda, Stiúrthóir, an tIonad Barr Feabhais le haghaidh gairmeacha san Aontas Eorpach
- Rian Murphy, Ateangaire, an Coimisiún Eorpach
- Robert Gunning, Ceann Aonaid Aistriúcháin, an Coimisiún Eorpach
- Glacfar le ceisteanna ón lucht freastail
12:30 Lón líonraithe
13:30 Ceardlanna praiticiúla leis na haistritheoirí agus ateangairí ón Aontas Eorpach
14:45 Deireadh an tSeimineáir; dáileadh teastas tinrimh ar a n-iarrfaidh iad
Cláraigh ar https://link.europa.eu/JwFWnr. Tá an seimineár saor in aisce.
Tuilleadh eolais nó áirithintí do ghrúpaí: DGT-GA-SEIMINEAR@ec.europa.eu
Sonraí Teagmhála
