Deiseanna gairme d’aistritheoirí leis an Aontas Eorpach
An raibh fhios agat go bhfuil sé i gceist ag seirbhís earcaíochta an AE comórtas earcaíochta d’aistritheoirí a reáchtáil i mbliana?
Ar mhaith leat fáil amach faoi na deiseanna atá ar fáil leis an AE d’aistritheoirí ardchumasacha?
Ar mhian leat post ar phá maith a fháil i gceartlár na hEorpa?
Bí linn ag an seisiún eolais ar líne seo atá dírithe ar aistritheoirí gairmiúla agus gairmithe eile a d’fhéadfadh cur isteach ar phoist san AE.
Beidh deis agat do cheisteanna a chur ar ionadaithe ó sheirbhísí aistriúcháin agus acmhainní daonna an Choimisiúin Eorpaigh agus ó Rialtas na hÉireann.
Cainteoirí:
John Prendergast – An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Aislínn McCrory – Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, An Coimisiún Eorpach
John Gavin – Ard-Stiúrthóireacht na nAcmhainní Daonna, An Coimisiún Eorpach
Ní mór clárú roimh ré ar líne. Tá an t-imeacht seo saor in aisce. Tabhair faoi deara gur i nGaeilge a bheidh na cainteanna ar fad.
Sonraí Teagmhála
