Deireadh Seachtaine Teaghlaigh i nGaoth Dobhair
Bí linn agus Teanga Tí ag eagrú ár gcéad Deireadh Seachtaine Teaghlaigh i nGaoth Dobhair ón 26-28 Meitheamh. Beidh muid ag stopadh i gcroílár Dhún Lúiche i mBrú Óige an Earagail. Tá áiseanna den chéad scoth acu.
Beidh an lóistín iomlán in áirithe dúinn féin, tá suanliosanna éagsúla acu:
Suanlios do sheisear x 2
Suanlios do cheathrar x 7
Seomra le leaba dúbailte agus leaba singil x 4
Déanfar iarracht an seomra is oiriúnaí a chur ar fáil daoibh ach tabharfar tús áite do na foirmeacha a thagann isteach ar dtús.
Tá foirm léirithe spéise le líonadh mar chéad chéim, ansin beidh foireann Theanga Tí i dteagmháil le heolas maidir le clárúchán iomlán agus costais.
Le tuilleadh eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh le Sinéad Ní Mhearnóg ar 0834497443 nó sinead@glornangael.ie
Is féidir foirm léirithe spéise a líonadh ach brú ar an gnaipe seo thíos:
Sonraí Teagmhála

