Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Deireadh Seachtaine Folláine

6 Márta 2026 - 8 Márta 2026
19:00 - 14:00
Scoil na Sléibhte, Ráth Daingin, Éire

Beidh an deireadh seachtaine folláine seo á reáchtáil an 6-8 Márta in ionad Slí an Chroí i gceantar Ráth Daingin/Chill Téagáin in iarthar Chill Mhantáin. Ní bheidh ranganna Gaeilge mar chuid den deireadh seachtaine seo ach beidh na himeachtaí ar fad ar siúl trí Ghaeilge. Mar sin, d’oirfeadh an deireadh seachtaine seo do dhaoine a bheadh ar a gcompórd le labhairt na Gaeilge le linn an deiridh seachtaine ar fad.

Beidh an cúrsa ag tosnú oíche Dé hAoine le dinnéar ar an láthair. Ar roinnt de na himeachtaí a bheidh ar siúl beidh seisiúin ióga agus “folcadh fuaime” le Foxglove Sound and Yoga, siúlóid sa choill, aireachas foraoise agus seisiún machnaimh le Fidelma Farley, cóitseálaí, agus beidh an rogha ann dul chuig sauna (www.foxglen.ie) tráthnóna Dé Domhnaigh ag deireadh an chúrsa (seachas sin críochnóidh an cúrsa ag am lóin Dé Domhnaigh).

Is san ionad “Slí an Chroí” ar eastát St Patrick’s Missionary Society a bheidh an cúrsa ar siúl. Seomraí aonair atá ar fáil, ach seomraí folctha roinnte. Cuirfear dinnéar ar fáil an dá oíche, bricfeasta agus lón an dá lá.

Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint mhaith agus scileanna cumarsáide maithe sa Ghaeilge acu (cé nach gá a bheith foirfe dar ndóigh!!).

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Fuiseog
Ríomhphost: eolas@fuiseog.org

Deireadh Seachtaine Folláine
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta