Déan iniúchadh ar scéal inspioráideachna chéad Ghaeltachta uirbeach i mBéal Feirste
The inspiring story of Belfast’s first urban Gaeltacht
Déan iniúchadh ar scéal inspioráideachna chéad Ghaeltachta uirbeach i mBéal Feirste ag Iarsmalann Uladh.
Sna 1960í, rinne grúpa lanúineacha óga ceannródaíocha an cinneadh misniúil an chéad Ghaeltacht uirbeach in Éirinn a bhunú i mBéal Feirste. Rinne siad an bhunobair do cheann de na hathbheochana teanga agus cultúrtha b’iontaí i stair nua-aimseartha na hEorpa.
Le céad bliain anuas, rinneadh cuid mhór iarrachtaí an Ghaeilge a athbheochan mar an teanga laethúil taobh amuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta. Ba bheag iarracht a d’fhág a lorg chomh buan sin ar an phobal ná cruthú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe.
Ní amháin go léiríonn a gcuid iarrachtaí acmhainneacht Ghaeilgeoirí, ach léiríonn siad plean oibre i bhforbairt pobail. Léireoidh an taispeántas seo an dóigh ar thóg siad a dtithe féin, ar thóg siad a bpáistí, ar bhunaigh siad a scoileanna féin agus ar bhunaigh siad fiontair pobail. Iniúchfaidh sé an dóigh a bhunaítear pobal in áiteanna nach raibh pobal ann riamh, na rudaí a cheanglaíonn iad le chéile chomh maith leis na rudaí atá de dhíth orthu le fás agus le rathú agus bláthú.
Thar aon rud eile, is scéal grá scéal athbheochana comhaimseartha na Gaeilge, athdhearbhaíonn fírinne an tseanfhocail Ghaeilge: Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.
Tá GaelStair maoinithe ag an Ciste Oidhreachta.
Sonraí Teagmhála
Ionad imeachta
- Bóthar an Sruthán Milis, Gairdín Lusanna, Béal Feirste, BT9 1AB, Tuaisceart na hÉireann

