Daonscoil na Mumhan 2026
DAONSCOIL NA MUMHAN 2026: Ag Caomhnú na hOidhreachta
Tá áthas ar lucht na Daonscoile clár iontach cultúrtha a fhógairt a bheidh ar siúl ón Domhnach 9ú go dtí an Aoine 14ú Lúnasa 2026. ‘Sé téama na bliana so ná “Ag Caomhnú na hOidhreachta” ag tarraingt as béaloideas na nDéise. Beidh seachtain de chultúr, d’fhoghlaim agus de chraic, i gcomhluadar ó chian is ó chóngar.
Tosaíonn an Clár an chúrsa le clárú ar 4.00 i.n. Dé Domhnaigh, i gColáiste na Rinne i nGaeltacht na nDéise, Port Láirge agus beidh oscailt oifigiúil ann ag 7.00 i.n. Beidh carn imeachtaí ar siúl i rith na seachtaine, lena n-áirítear:
- Ranganna laethúla amhránaíochta, Gaeilge, dramaíochta agus filíochta gach maidin
- Léachtaí den scoth
- Ceardlanna ealaíne agus grianghrafadóireachta
- Seisiúin ióga
- Siúlóidí, cluichí chlóis
- Ciorcail chomhrá le daoine áitiúla
- Turas bus
- Cúirt filíochta
- Quiz boird
- Céilithe agus seisiúin cheoil
Leagfar béim ar an nGaeilge labhartha le deiseanna a thabhairt do dhaoine an teanga a chleachtadh go nádúrtha i bhfochair a chéile. San oíche, beidh airneán agus seisiúin cheoil ar siúl i dTigh Bríd, le hatmaisféar agus spiorad na Daonscoile a chothú.
Beidh taispeántas speisialta de lámhscríbhinní, leabhair, cáipéisí agus grianghraif ó Leabharlann de Hindeberg i gColáiste na Rinne ann ag an Dr. Aoibheann Nic Dhonnchadha, chomh maith le cuairteanna eolais ar an Leabharlann.
“Tá béim ar chultúr, ar chomhluadar agus ar an gcraic ó thús deireadh!” a deir an lucht eagraithe. Dúirt cuairteoirí anuraidh go raibh an tseachtain an-speisialta dóibh agus go mbeidís ag casadh ar ais – rud atá!
Tá Aifreann ar fáil gach maidin ag 8.15 r.n. agus Paidrín ag 7.00 i.n. do lucht freastail ar mhian leo páirt a ghlacadh.
Críochnaíonn an Daonscoil Dé hAoine le dinnéar agus “Scaradh na gCarad” ag 1.00 i.n., tar éis seachtain lán le foghlaim, ceol agus cairde nua.
Ionad imeachta
- An Rinn, Na Déise, X35 N821, Éire

