Damhsa / Dance sa Dún Richmond
Is ionann Damhsa / Dance agus ceiliúradh ar dhamhsa Traidisiúnta na hÉireann agus ar an nGaeilge le haghaidh sheachtain na Gaeilge.
Foghlaimeoidh tú faoi theicnící coisíochta sean-nóis, déanfaidh cleachtadh ar labhairt na Gaeilge, agus faigh tuilleadh eolais faoi dhamhsa comhaimseartha agus faoi chumadóireacht ar an láthair.
Is í Sibéal Davitt, damhsóir sean-nóis agus cainteoir Gaeilge, a stiúrfaidh an seisiún. Cuirfear tús leis an seisiún le cleachtaí Damhsa Chomhaimseartha chun an cholainn a théamh agus chun an intinn a réiteach.
Beidh neart ama agat triail a bhaint as do Ghaeilge labhartha, déanfaidh tú cleachtadh chomh maith ar chéimeanna sean-nóis éagsúla agus amhráin thraidisiúnta á ndamhsa agat.
Cuir in áirithe ag https://www.richmondbarracks.ie/news/seachtainnagaeilge
Sonraí Teagmhála

