Cúis Bhróid, le Seán Mac Risteaird
Tá ceisteanna inscne agus gnéasachta go mór i mbéal an phobail le roinnt blianta anuas agus na ceisteanna céanna faoi bhláth i gcomhthéacs na Gaeilge. Sa cheardlann seo, díreofar ar léirithe liteartha den phobal LADT+ i gcomhthéacs na Gaeilge. Cuirfear na téacsanna liteartha céanna i gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha na hÉireann.
Is léachtóir agus taighdeoir é an Dr Seán Mac Risteaird a bhfuil spéis aige sa litríocht chomhaimseartha agus i léann na haiteachta. Foilsíodh Teanga don Tost leis in 2024, agus bhuaigh an leabhar céanna Duais Leabhar Taighde na Bliana ó ACIS in 2025.
Tuilleach eolais
Sonraí Teagmhála
Eagraí: Let's Learn Irish
