Cruinniú Cinn Bliana & Cóisir Nollag an Chlub
6 Nollaig 2025
19:30 - 23:00
Tigh Uí Bhruaidí (Briodys), 97 Sráid Mhaoilbhríde, Cathair Bhaile Átha Cliath, D01 PP92, Éire
Beidh cruinniú cinn bliana an Chlub ar siúl, le cóisir mhór Ghaelach ina dhiaidh, thuas staighre in Briodys, Dé Sathairn 6 Nollaig. Tosnóidh an cruinniú ag 6pm agus beidh an chóisireacht ag dul ar aghaidh ón 7:30pm.
Féachfar siar ar an mbliain agus toghfar coiste nua a oibreoidh ar son phobal na Gaeilge san ardchathair.
Cuimhnigh gur gá a bheith i do bhall reatha chun vóta a chaitheamh ag an CCB agus chun rith do ról ar an gcoiste. Déan teagmháil le ballraiocht@anclub.ie chun do stádas ballraíochta a sheiceáil. Más spéis leat rith do ról nó mír a chur le clár an chruinnithe, déan teagmháil linn ag runai@anclub.ie.
Beidh ceol, soláistí agus ceiliúradh ceart againn ansin chun slán a fhágáil leis an mbliain. Bí linn!
Ionad imeachta
- 97 Sráid Mhaoilbhríde, Cathair Bhaile Átha Cliath, D01 PP92, Éire
