Cruinniú Cinn Bliana Chraobh Chluain Tarbh
22 Eanáir 2026
19:00 - 20:00
Athbhliain faoi mhaise daoibh!
Táimid ag lorg baill coiste don bhliain atá amach romhainn. Tá Gaeil ag teastáil ó Marino, Fionn Radharc, Cluain Tarbh, Ráth Eanaigh agus Cill Bharróg. Ba mhaith linn coiste bríomhar spreagúil a chur le chéile chun pobal Gaeilge a chothú agus a fhorbairt sna ceantair a luadh thuas. Tabharfar tús áite d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge dar ndóigh
Beimid ag bailiú le chéile Déardaoin 22 Eanáir ar Zúm ag 7in chun baill nua a thoghadh don choiste
Más mian leat cur isteach ar ról ar leith nó má tá fonn agat freastal ar an gcruinniú Zúim an tseachtain seo chugainn, cuir teachtaireacht chugainn nó cuir ríomhphost chuig cluaintarbh@cnag.ie
Fáilte roimh chách!! Táimid ag tnúth go mór leis an mbliain! Feicfimid thú ar líne!