Crannchur do thicéid Féile na Gealaí 2026
Tá muid ag tabhairt deis faoi leith do léitheoirí na nuachtlitreach seo dhá thicéad a bhuachan chuig Féile na Gealaí. Is féile cheoil agus ealaíne í Féile na Gealaí a dhéanann ceiliúradh ar chultúr comhaimseartha na Gaeilge. Beidh sé ar siul i nGaeltacht Ráth Chairn, Contae na Mí ó 5 go 6 Meitheamh. I measc na n-aoíonna 2026, beidh Huaratan, Jiggy, Sexytadhg, Baby Guinness agus Grooveline.
Chun páirt a ghlacadh sa chrannchur, ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig tara@glornangael.ie le d’ainm iomlán agus d’uimhir theileafóin luaite agat.
Is gá a bheith os cionn 18 bliana d’aois páirt a ghlacadh sa chrannchur seo.
Spriocdháta: Dé hAoine, an 15 Bealtaine 2026.
Roghnófar an buaiteoir go randamach agus cuirfear ar an eolas iad ina dhiaidh sin.
Go n-éirí libh!
