Comórtas IMBOLC
Tá lúchair orainn deis a thabhairt daoibh oíche thar a bheith galánta a bhaint in Ostán na Cathrach (ceithre réalta), Doire, a bhuíochas leis an óstán atá mar urraitheoirí don fhéile IMBOLC. Beidh bricfeasta ar fáil agus rochtain agat ar an chlub sláinte!
Cuir tús ar do dheireadh seachtaine sa chathair faoi bhallaí le stíl, leis an tairiscint ar fáil Dé hAoine 6 Feabhra le dhá thicéad chuig cibé ceolchoirm sa deireadh seachtaine is mian leat.
Le cur isteach ar an chomórtas:
– Cuir clib ar chara leat a bhainfeadh sult as an turas seo sna tráchtanna thíos.
– Roinn an phostáil seo ar do scéalsa, ag cuir clib orainn @imbolcfest
– Lean ár leathanach @imbolcfest
Is é Dé Ceadaoin an 14 Eanáir ag 12 a chlog meán lae dáta deiridh an chomórtais. Fógrofár an buaiteoir ar 3 a chlog san iarnóin an lá sin.
Bí i dteagmháil le ryan@culturlann.org má tá aon cheist agat.
Sonraí Teagmhála