Comórtas Amhrán Nua-Chumtha – Pan Cheilteach ’26
Tá an Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach ‘26 fógartha.
€1,000 atá le buachaint chomh maith leis an trófaí náisiúnta agus an
deis chun canadh ar son na hÉireann!
Is comórtas é seo chun amhrán nua a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag an gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2026. Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na liricí maraon leis an gceol a bheith nua chumtha. Cuireann an comórtas áirithe seo fáilte roimh gach stíl amhráin idir amhráin traidisiúnta, pop amhráin nó amhráin tíre, rac nó rap, snagcheol agus eile.
Glacfar le hiarratais suas go Dé Luain, an 8ú lá de Mhí na Nollag ’25 agus is mian le lucht eagraithe a dhearbhú nach bhfuil gá le taifead proifisiúnta ag an gcéad chéim seo den chomórtas. Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an gcomórtas náisiúnta a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 24ú Eanair 2026 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach. Beidh painéal moltóirí ann chun na hamhráin a mheas ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus cur i láthair.
Tá an comórtas á reachtáil i gcomhar le Comhairle Contae Cheatharlach le tacaíocht ó IMRO, An tOireachtas, Foras na Gaeilge agus Gael Linn. Bronnfar duais €1,000 agus an trófaí náisiúnta ar chumadóir an amhráin a roghnóidh na moltóirí chomh maith le bheith ina iarratas ar son na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2026 an Cháisc seo chugainn. Is ansin a bheidh an t-amhrán in iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha ag na tíortha ceilteacha eile ina measc Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, an Chorn agus an Bhriotáin.
Tá sonraí uile faoi An Comórtas Náisiúnta ar www.panceltic.ie . Is féidir eolas a fháil ach glaoigh ar 087 2857048, 085 1340047 nó
scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com
Ní foláir iarratais a sheoladh go leictreonach faoi 5i.n Dé Luain 8ú Nollaig ’25 chuig pancelticcarlow@gmail.com nó is féidir dlúthdhiosca a chur sa phost chuig Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Ceatharlach R93 Y020.