Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Comórtais Liteartha an Oireachtais 2026

17 Feabhra 2026
17:00 - 23:45
An tOireachtas, Páirc Ghnó Chasla, Casla, Éire

Tá tríocha a haon (31) comórtas agus réimse leathan seánraí i gceist ar chlár na bliana seo. Freastalaíonn na comórtais seo ar an uile chineál scríbhneoir: daoine fásta; mic léinn tríú leibhéal; daltaí meánscoile agus daltaí bunscoile.

Tá na Comórtais Liteartha mar chuid lárnach d’obair an Oireachtais ó bunaíodh é in 1897 agus é mar aidhm acu:
– deiseanna a chur ar fáil don ghréasán scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhan;
– litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn; agus
– scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn.

Cuirfear duaischiste ar fáil do gach comórtas agus níos tábhachtaí fós, cuireann an painéal moltóirí aiseolas luachmhar ar fáil do gach scríbhneoir ar a gcuid saothar – aiseolas a chabhraíonn le forbairt, bláthú agus scileanna scríbhneoireachta na scríbhneoirí.

SPRIOCDHÁTA IONTRÁLA: 1 Iúil 2026

Siollabas Comórtais & Foirm Iontrála ar fáil anseo: https://pangr-comlit.herokuapp.com/

Sonraí Teagmhála

Eagraí: An tOireachtas

Comórtais Liteartha an Oireachtais 2026
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta