Comórtais Ghreannán & Scripte d’Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge
Tá Comórtais Ghreannán & Scripte d’Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge a eagraítear mar chuid de Chomórtais Liteartha an Oireachtais fógartha do 2026. Tá Gaeloideachas ag déanamh urraíochta ar na comórtais seo le blianta agus i mbliana tá Dalen Éireann, an chomhlacht a fhoilsíonn na greannáin is fearr sa domhan i nGaeilge agus i dteangacha Ceilteacha eile i bpáirt linn. Éiríonn thar cionn leis na Comórtais Ghreannán & Scripte agus tagannn iarrachtaí iontacha cruthaitheacha isteach gach bliain.
Is é 1 Iúil 2026 an spriocdháta le cur isteach ar na comórtais iar-bhunscoile seo. Fáilteofar roimh gach iarracht agus tá postaeir bhreátha deartha i mbliana le crochadh sa scoil chun daltaí a spreagadh le cur isteach ar an dá chomórtas ag an leibhéal iar-bhunscoileanna – comórtas do Bhlianta 1,2,3, agus comórtas do Bhlianta 4,5,6. Ba bhreá linn a mhúinteoirí Gaeilge agus Ealaíne dá ndéanfadh sibh íoslódáil ar na postaeir atá ar fáil ag na naisc thíos agus iad a chrochadh sna ranganna cuí chun daltaí a spreagadh. Tá duaiseanna an-fhlaithúil le buachan.
Is féidir foirm iarratais, rialacha agus eolas faoi na duaiseanna a fháil ANSEO.
Sonraí Teagmhála
