Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Comhdháil Mhic Léinn na Ceiltise 2026

11 Meitheamh 2026 - 13 Meitheamh 2026
18:30 - 21:30
Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, Faiche an Choláiste, Baile Átha Cliath 2, D02 PN40, Éire

Beidh an 13ú comhdháil bliantúil de chuid Chumann Mhic Léinn na Ceiltise á reáchtáil ar champas Choláiste na Tríonóide ón 11-13 Meitheamh i mbliana. Tugann an chomhdháil seo deis do mhic léinn a gcuid taighde a chur faoi bhráid a gcomhscoláirí ag ócáid cháirdiúil ionchuimsitheach. Beidh breis agus 70 caint á dtabhairt ar réimse leathan ábhar a bhaineas leis an Léann Cheilteach, agus beidh páipéir á dtabhairt i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban, i mBreatnais, agus i mBéarla. Beidh deis iontach ag rannpháirtithe a bhfuil na nuatheangacha Ceilteacha éagsúla ar a dtoil acu casadh ar dhaoine eile ó fud na cruinne a bhfuil na teangacha sin acu agus a bhfuil dearcthaí uathúla acu ina dtaobh.

Is é seo an chéad uair don chomhdháil a bheith ar champas ollscoile in Éirinn le beagnach deich mbliana anuas, agus mar sin beidh deis iontach acu siúd a bhfuil Gaeilge na hAlban agus an Mhanainnis acu casadh ar phobal labhartha Ghaeilge na hÉireann agus iad i mBaile Átha Cliath don chomhdháil. Tá muid ag dúil le pobal na nGael ó chríocha éagsúla a tharraingt le chéile le linn na comhdhála féin, agus cuirfear imeachtaí ar siúl i rith oícheanta na comhdhála fosta ar mhaithe le deis cainte agus cumársáide a thabhairt do lucht na comhdhála. Mar sin, beidh go leor deiseanna ann chun na teangacha Gaelacha agus Briotainice a úsáid mar theangacha oifigiúla na hócáide, ní hamháin go acadúil i rith seisiúin na comhdhála, ach go sóisialta chomh maith.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Cumann Mhic Léinn na Ceiltise

Comhdháil Mhic Léinn na Ceiltise 2026
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta