Coiscéim, Coiscéimín Ceardlann Teaghlaigh le Claire m. Dunne agus Anit
21 Feabhra 2026
12:00 - 13:00
Leabharlann Dhomhnach Bat, Bóthar Phort Reachrann, K36 E009, Éire
LEABHARLANN DHOMHNACH BAT
DÉ SATHAIRN, 21 FEABHRA 2026 @12
Sa scéal gleoite seo, tá bialann cháise ag Laoise Luch taobh thiar den bhalla sa chistin. Freastalaíonn cairde dílse Laoise ar an mbialann gach oíche do na Cláir Cháise bhlasta, iad réitithe go gasta! Tá an-rath ar bhialann Laoise agus ceithre réaltaí faighte aici ón gCigire Cáise. Ba bhreá léi an Cúigíu Réalta a fháil uaidh, ach conas a aimseoidh sí an cháis is speisialta? Beidh ar Laoise a cuid misnigh ar fad a úsáid agus í sa tóir ar Cháis Chúig Réalta! Scéal é seo faoin gcairdeas, faoin gcrógacht, agus thar aon ní eile, faoin gcáis!

