Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cnámha aduaine bíoblóra: Cnámh de chuid Thady Connellan i mbailiúchán

5 Márta 2026
13:00 - 14:00
Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dhásain, Cathair Bhaile Átha Cliath, D02 NX79, Éire

Sa bhliain 2025 bronnadh cnámh de chuid an 19ú céad ar Leabharlann an Acadaimh a bhfuil inscríbhinn i nGaeilge uirthi. Tabharfaidh an chaint seo spléachadh ar chúlra na cnáimhe aduaine seo, ar roinnt samplaí eile den chineál céanna, agus ar an bhfear a rinne iad ar fad.

Sa chaint seo déanfar cnámh aduain ón naoú céad déag atá anois i seilbh an Acadaimh a scrúdú. Sna 1830idí a cuireadh inscríbhinn Gaeilge leis an gcnámh, agus le roinnt cnámha eile den chineál céanna. Ba é Thady Connellan (Tadhg Ó Coinnialláin, c.1780–1854), bíoblóir agus máistir scoile as Sligeach a rinne na hinscríbhinní éagsúla sin agus é ar cuairt ar an mBreatain. Tá cuid de na cnámha eile sin ar coimeád i leabharlanna éagsúla sa Bhreatain go fóill. Sa Bhreatain chomh maith, i seilbh phríobháideach, a bhí cnámh an Acadaimh, go dtí gur bronnadh ar an Acadamh í le déanaí.

Léachtóir Sinsearach i Roinn na Ceiltise agus Léann na hAlban in Ollscoil Dhún Éideann é Peadar Ó Muircheartaigh. Cuireadh oiliúint air in Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil Notre Dame agus in Ollscoil Dhún Éideann. Tá tréimhsí taighde caite aige in Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath agus in Den Arnamagnæanske Samling, Cóbanhávan. Baineann cuid mhór dá chuid taighde le lámhscríbhinní na Gaeilge in Éirinn agus in Albain.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Acadamh Ríoga na hÉireann
Ríomhphost: library@ria.ie

Ionad imeachta

  • 19 Sráid Dhásain, Cathair Bhaile Átha Cliath, D02 NX79, Éire
Cnámha aduaine bíoblóra: Cnámh de chuid Thady Connellan i mbailiúchán
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta