Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Club Féile | CAOIMHÍN agus Amano

6 Feabhra 2026
22:00 - 23:45
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann

Leanann an chóisir ar aghaidh go huair mharbh na hoíche lenár gclub féile domhain san oíche!

CAOIMHÍN (agus banna // and band)
Léiritheoir, amhránaí agus il-uirliseoir is ea é Caoimhín, a chruthaíonn fuaim nua Gaelach lán anama ag an chrosbhóthar idir an ceol tíre agus an ceol damhsa nua-aimseartha.
Agus é ag seinm beo le fliúiteanna, feadóga, giotáir, rialtóirí midi agus maindilín, ath-shamhlaíonn sé gnéithe de bhéaloideas, ceol agus teanga na hÉireann ag baint úsáid as lúbadh beo, sampláil agus ceol leictreonach, ag cruthú pacáiste spreagúil damhsa atá i ndiadh ardáin a mhaisiú ar fud na hÉireann agus thar lear ar na mallaibh.
In 2025 eisíodh céadalbam an cheoltóra comhleá thraidisiúnta Ríocht na Sí, curtha ar ghearrliosta do ghradaim albam agus amhrán Gaeilge ag Hot Press agus NÓS.
Amano
Cumadóir, amhránaí, file, agus taibhealaíontóir is ea Amano a bhfuil meascán de shean-nós, hip hap, popcheol agus ceol deabhóideach le fáil ina shaothar.
Tá a cleachtas tumtha i dtuigbheáil anamach ar an talamh, an dúlra agus na foirmeacha ilchineálacha beatha lena roinnimid an domhan.

Sula dteachaigh sí i mbun gairm bheatha sna healaíona, chaith Amano na blianta ag imeacht le mála droma ag déanamh taighde ar chreidimh an domhain, antraipeolaíocht agus fealsúnacht. Is féidir rianta de na tionchair leathana chultúrtha seo a mhothú ina taibhiú inniu.

Rugadh Amano i ndeisceart na Seapáine agus tógadh i gcroílár Chiarraí í. Chuaigh an nGaelainn agus an ceol go mór i bhfeidhm urithi i rith a leathanta scoile agus thoisigh sí a sheinm go gairmiúil agus í ina déagóir.
Le blianta beaga anuas tá tacaíocht faighte ag Amano ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann, an Taibhdhearc agus Comhairle Contae Chiarraí lena ceol agus scríbhneoireacht a fhorbairt.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: IMBOLC 2026
Ríomhphost: eolas@culturlann.org

Ionad imeachta

  • 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann
Club Féile | CAOIMHÍN agus Amano
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta