Club Amhránaíochta Dhoire
Tá luchair orainn a fhógairt go bhfuil muid ag cur tús le club amhránaíochta nua faoi stiúir Róise Ní Mhurchú mar chuid de Scéim na nEalaíontóirí Comhlacha de chuid Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSrátha Báin. Beidh sé ar siúl ar an tríú hoíche Déardaoin de gach mhí, ó 7 go 8.30, agus beidh an beár ar oscailt chomh maith. Teagascfaidh Róise amhrán nua a bhaineann le Doire agus an ceantar i nGaeilge, le ciorcal amhránaíochta oscailte do chách ina dhiaidh. Má tá amhrán ar an tsean-nós le roinnt agat, ba bhreá linn é a chluinstean!
Faoi Róise
Is ceoltóir óg í Róise Ní Mhurchú a bhfuil cáil bainte amach aici i saol an cheoil thraidisiúnta. Is as an Chúil Mhór i nDoire di. Chomh maith leis sin tá inspioráid tarraingthe aici ó Rann na Mónadh agus Gaeltacht Thír Chonaill agus í ag foghlaim a hamhrán. Tá dhá bhonn bainte ag Róise ag Fleadh Cheoil na hÉireann in 2025, bonn óir sa phortaireacht bhéil agus bonn airgid san amhránaíocht ar an tsean-nós. Tá aitheantas bainte amach aici chomh maith ag Oireachtas na Samhna, le bonn airgid bainte aici ar son amhránaíocht Ghaeilge i mí na Samhna 2023 agus ainmniúchán faighte aici do Réalta Óg na Bliana 2025.
Tá Róise lonnaithe i mBéal Feirste faoi láthair, mar a bhfuil sí ag déanamh staidéar ar an Ghaelscolaíocht. Bíonn Róise ag teagasc amhránaíochta i mBéal Feirste agus i nDoire, agus tá ceardlanna ceoil stiúrtha aici ar fud na hÉireann. Mar chuid den scéim beidh sí ag déanamh taighde ar bhailiúchán d’ocht n-amhrán ón cheantar, le lainseáil sa Chultúrlann mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2027.
Sonraí Teagmhála
Ionad imeachta
- 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann

