Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Clárúchán – Gníomhaí Gaeilge 2026/27

Is scéim mheantóireacht, gradaim agus oiliúna í Gníomhaí Gaeilge do mhic léinn 3ú Leibhéal atá gníomhach leis an nGaeilge nó atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Is féidir tabhairt faoin scéim trí Ghaeilge nó trí Bhéarla.

Tá trí ghradam éagsúil ar féidir cur isteach orthu:

1. Duine Aonair
2. Cumann Gaelach agus Grúpaí Eile
3. Aontas na Mac Léinn

Is féidir leat cur isteach ar níos mó ná gradam amháin – mar shampla má tá tú mar Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh – d’fhéadfá cur isteach ar an nGradam Duine Aonair agus ar an nGradam Cumainn Ghaelaigh.

Cuirfear meantóir ar fáil do gach mac léinn le breis tacaíochta agus comhairle a chur ar fáil agus tú ar d’aistear teanga! Beidh 4 chruinniú le heagrú le do mheantóir le linn na bliana.

Ag deireadh na bliana, beidh Ócáid Bronnta na nGradam ar siúl agus beidh deis ag na rannpháirtithe uilig idir mhic léinn agus mheantóirí teacht le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar obair na bliana.

Beidh ceardlanna oiliúna eagraithe mar chuid den scéim le linn na bliana. Cuirfidh comhordaitheoir na scéime eolas chugat ar ríomhphost maidir leis na ceardlanna seo.

Dúnfar clárúchán Dé hAoine 29 Bealtaine 2026.

Má tá breis eolais uait, is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir na Scéime, Órlaith Ní Thuathaigh ag orlaith.nithuathaigh@cnag.ie

Is féidir clárú do Ghníomhaí Gaeilge 26/27 anseo:

Foirm Gaeilge

Foirm Béarla

 

Sonraí Teagmhála

Eagraí: Gníomhaí Gaeilge

Clárúchán – Gníomhaí Gaeilge 2026/27

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta