Ciorcal Comhrá – Seachtain na Gaeilge
6 Márta 2026
19:00 - 21:00
The Monks Well, Cuinche, V95 PT63, Éire
Ciorcal Comhrá – Seachtain na Gaeilge 💬
Mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge, beidh Ciorcal Comhrá taitneamhach ar siúl i Monk’s Well, Quinche
ar an 6ú Márta ag 7.00 i.n.
Is deis iontach é seo do chainteoirí Gaeilge de gach leibhéal teacht le chéile i dtimpeallacht shuaimhneach, chairdiúil le comhrá a dhéanamh, le cúpla focal a chleachtadh, agus le taitneamh a bhaint as an nGaeilge i gcuideachta mhaith.
Tá fáilte roimh chách, idir sheanchainteoirí agus foghlaimeoirí. Tar linn agus bí páirteach i spraoi agus i bpobal na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge! 💚
Sonraí Teagmhála
Eagraí: An Clár as Gaeilge , CLG an Chláir
Ríomhphost: anclarasgaeilge@gmail.com
Guthán: +353 656 864 474
