Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ciorcal Comhrá: Na seoda sa Chartlann

12 Márta 2026
15:00 - 17:00
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Cearnóg Mhuirfean Thiar, Cathair Bhaile Átha Cliath, Éire

In 1924, bhuaigh an saothar cáiliúil The Liffey Swim (Jack B. Yeats, 1923) bonn airgid sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras. An raibh a fhios agat go bhfuil an bonn sin i gcartlanna an Ghailearaí Náisiúnta, agus go bhfuil sé suite i measc na mílte ábhair stairiúla, spéisiúla eile a bhfuil ceangailt acu le stair na healaíne in Éirinn? Glac páirt i gCiorcal Comhrá speisialta a bheidh á chur i láthair ag Caomhán Mac Con Iomaire agus Ruairí Ó Séanáin le linn Seachtain na Gaeilge le tuilleadh eolais a fháil faoin mbailiúchán tarraingteach seo de chartlanna agus leabhair atá sa Ghailearaí Náisiúnta!

Is imeacht míosúil ar líne i nGaeilge é Ciorcal Comhrá agus is deis é labhairt faoi obair sa bhailiúchán nó faoi thaispeántas.

Tá an ócáid saor in aisce, ach ní mór duit áit a chur in áirithe roimh ré.

Tuilleadh anseo


Ionad imeachta

  • Cearnóg Mhuirfean Thiar, Cathair Bhaile Átha Cliath, Éire
Ciorcal Comhrá: Na seoda sa Chartlann
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta