Ciorcal Comhrá: Íomhánna iontacha Blake
Is deis é Ciorcal Comhrá chun taispeántas a iniúchadh agus a phlé trí mheán na Gaeilge i suíomh oscailte fáilteach.
Don ócáid seo, beidh Caomhán Mac Con Iomaire in éineacht leis an bhfile agus an drámadóir Ciara Ní É i gcomhrá a spreagfaidh saothair ón taispeántas William Blake: The Age of Romantic Fantasy.
Le chéile, déanfaidh siad machnamh ar íomhánna roghnaithe ón taispeántas, ag úsáid na Gaeilge mar spás comhroinnte le haghaidh plé, léirmhínithe agus freagartha cruthaithí.
Ciara Ní É: Is scríbhneoir agus taibheoir dátheangach í Ciara Ní É a scríobhann filíocht, drámaí agus scannáin. Tá a cleachtas fréamhaithe i gcultúr comhaimseartha na hÉireann agus fiosraíonn sí teanga, féiniúlacht agus an taithí aiteach ina saothar ildisciplíneach. Duine de 100 Women Changing Ireland an Irish Examiner in 2022, bhí sí mar Ealaíontóir Cónaithe in UCD, ag Dublin Fringe Festival, in DCU agus in An Taibhdhearc. Is bunaitheoir REIC í agus comhbhunaitheoir AerachAiteachGaelach, dhá ghrúpa atá lárnach i saol comhaimseartha ealaíon na Gaeilge. Tá a cuid filíochta foilsithe go forleathan in irisí agus i ndíolaimí agus léite aici go hidirnáisiúnta. Fuair a céad ghearrscannán Claonadh, a chéadléiriú ag Féile Scannán na Gaillimhe 2025, agus bhuaigh dhá ghradam ó shin.
Is imeacht míosúil ar líne i nGaeilge é Ciorcal Comhrá agus is deis é labhairt faoi obair sa bhailiúchán nó faoi thaispeántas.
Tá an ócáid saor in aisce, ach ní mór duit áit a chur in áirithe roimh ré anseo
Tuilleadh eolais anseo.
Sonraí Teagmhála
