CEOLTA : AN HIP-HAP GAELACH
Tar linn ón gCúirt Filíochta go Cúirt an Dlí agus sinn ag tabhairt spléachadh spleodrach ar staid reatha na rapála Gaeilge. Sa mhórléiriú seo cloisfear meascán mearaí den rapcheol Gaelach ó gach cearn den tír, agus níos faide i gcéin.
Cloisfimid siollaí snasta ardrí na geabaireachta Gaelaí Súil Amháin, leis an gceoltóir Ushmush ina theannta. Meascfaidh Amano an sean agus an nua-nós. Trasnófar Sruth na Maoile le buillí rithimiúla is Gàidhlig ghasta Hammy Sgith. Ó Chorcaigh cloisfear dord Julie Goo ó shelovescalpol. Rincfimid le horthaí Oisín Mac agus déanfaimid damhsa le trombhuillí Torby. Tabharfaimid éisteacht do jeaicín an hiphap imeallaigh James Shannon. Cloisfear éigse ardfhilí na hardchathrach, Ciara Ní É agus Cúán de Búrca.
An teacht le chéile is mó riamh sa hip-hap Gaeilge! Cá bhfios nach mbeidh aoi speisialta nó beirt ann…
