Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceolchoirm | Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta // SÍOMHA (+ Ulster Uni

6 Feabhra 2026
19:15 - 21:45
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann

SÍOMHA
Déanann an t-amhránaí agus giotáraí neamhspleách Éireannach Síomha damhsa ar an líne idir daoncheol, snagcheol agus nuacheol anama, ag tabhairt lucht féachana go héasca ar aistear gan choinne dodhearmadta lena foinn thochtmhara. Is bailiúchán d’amhráin i nGaeilge agus Béarla araon é a céad albam, Infinite Space, a ndearna The Irish Times cur síos air mar “chéadalbam a bhfuil cumas dáiríre agus féinmhuinín ann”. Is cineál d’iar-phobcheol cosmach é, faoi thionchar an daoncheoil agus blas snagcheoil air. Ba é Tyler Duncan, a bhfuil ainmniúchán Grammy faighte aige, a rinne é a léiriú, agus tá liosta de shárcheoltóirí ann lena n-áirítear Joe Dart (Vulfpeck), Louis Cato (Bobby McFerrin/Snarky Puppy), Martin Atkinson Borrull (Toucan) agus an seinnteoir veidhlíne Jeremy Kittel (Bela Fleck/Chris Thile). Tá glór Shíomha lán de thaithí amh ó chroí. Agus iad ag éisteacht léi bíonn lucht féachana corraithe láithreach le bheith ag mothú ar an leibhéal is doimhne agus tagann siad amach agus iad nasctha níos dlúithe lena ndomhan féin.
“Tarraingíonn Síomha ó thobar domhan anama. Sáraíonn an ceol seo críocha ar bhealach nár chuala mé roimhe. Agus tá gach soicind de gach amhrán fréamhaithe i rithim.” — JOE DART (VULFPECK)
Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta
Rugadh agus tógadh Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta i gceantar Chonamara, áit a bhfuil cliú agus cáil uirthi mar gheall ar a saibhreas ceoil, fonnadóireacht, cultúr agus teanga. Chuaigh siad go mór i bhfeidhm ar an lucht féachana ar The Late Late Show, áit ar chas siad leagan draochtúil den chaoineadh Anach Cuain. Bhí an clár ag teacht go mór le meon na tíre agus roinn na mílte ar fud an domhain an físeán. Tá aitheantas bainte amach ag an mbeirt mar gheall ar a gcuid ámhranaíochta ar an sean-nós (amhránaíocht as Gaeilge a chantar gan tionlacan den chuid is mó) agus an cóiriú uaithúil a dhéanann siad ar amhráin as Gaeilge agus as Béarla araon. Tá suim acu go háirithe sa chomhcheol agus cuidíonn an nasc teaghlaigh agus an caidreamh atá eatarthu seo a bhaint amach. Is ceoltóirí, rinceoirí agus ámhranaithe cumasacha iad beirt a bhfuil a lán craobhacha uile-Éireann bainte amach acu. Is é an phríomhsprioc atá acu ná a dteanga agus a n-oidhreacht a choinneáil i gcroílár a gcuid ceoil.

Sonraí Teagmhála

Eagraí: IMBOLC 2026
Ríomhphost: eolas@culturlann.org

Ionad imeachta

  • 37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF, Tuaisceart na hÉireann
Ceolchoirm | Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta // SÍOMHA (+ Ulster Uni
Á luchtú...

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta