Ceolchoirm Gliogar
Beidh ceolchoirm ar siúl in Amharclann Chois Fharraige Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair leis na ceoltóirí Gaelacha iontacha seo, Aoife Nic Dhomhnaill, Liam Lonergan agus Niamh O’Brien. Tá an cheolchoirm seo curtha ar siúl ag an gcompántas ealaíne Gliogar.
€15+táillí áirithinte atá ar na ticéid. Ticéid ar fáil ó gliogar.ie
Doirse óna 7.30i.n agus ceol óna 8i.n.
Is as Baile Átha Cliath don fhidléir Aoife Nic Dhomhnaill agus don seinnteoir consairtín Liam Lonergan, a d’fhás aníos ag seinm ceoil i dtobar cheol na hardcathrach. Is dlúthchairde iad a bhfuil seanaithne acu ar cheol a chéile, agus dá bharr sin, thug siad faoin albam “Mullach a’ tSí” a chur le chéile. Tugann an t-albam seo léargas ar an meas atá ag an mbeirt ar thraidisiún an cheoil Ghaelaigh agus ar na seanmháistirí ó gach cearn den tír, le foinn ó fud fad na tíre le clos tríd an albam.
Is cruitire, cumadóir, ealaíontóir fuaime agus amhránaí í Niamh. Thar na blianta sheinn sí in Éirinn, san Eoraip agus i Meiriceá mar aonréadaí, agus le grúpaí ar nós The Chieftains, AnTara agus Hoodman Blind. Ó 2017 tá sí ag obair i réimse fuaime agus raidió mar thaifeadóir, eagarthóir agus léiritheoir ar thionscadail phodchraolta agus faisnéise. Bhronn Ollscoil Luimnigh PhD uirthi in 2024 as a cuid taighde i réimse na n-ealaíon fuaime agus “deep mapping”. Ina cuid cumadóireachta tugann sí ceol traidisiúnta, ceol leictreonach, taifeadtaí guthanna agus field recordings le chéile. Eiseofar a céad albam aonair ar lipéad Farpoint Recordings i 2026
Sonraí Teagmhála
